Scrúduithe Oifigiúla ag Deireadh an Téarma

Bíonn an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ag obair le hOifig na Scrúduithe chun tacaíochtaí scrúduithe a sholáthar do na scrúduithe oifigiúla ag deireadh an téarma. Déantar na tacaíochtaí scrúduithe seo a aontú le linn do chruinnithe measúnaithe ar riachtanais agus déanfar iad a thuairisciú i do cháipéis maidir le hachoimre ar riachtanais (LENS). Baineann OÉ Gaillimh leas as treoirlínte DAWN‌ chun tacaíochtaí scrúduithe a cheadú.

Cuirtear tacaíochtaí réasúnacha i bhfeidhm chun:

  • Go gcaithfear go cóir agus go cothrom leat sa phróiseas scrúduithe,
  • Go mbeidh tú ar chomhchéim le do chuid piaraí,  
  • Go léireofá an fíorchumas agus an t-eolas atá agat.

Tacaíochtaí Scrúduithe Samplacha: 

  • Ionad Scrúdaithe Eile
  • Am Breise (10 nóiméad do gach uair an chloig)
  • Greamán SLD (saindeacrachtaí foghlama) agus Treoirlínte Marcála
  • Léitheoir Leictreonach
  • Troscán curtha in oiriúint
  • Leagan amach eile do scrúdú

Ní athróidh na tacaíochtaí scrúduithe le linn thréimhse do chúrsa ach amháin má iarrann tú cruinniú athbhreithnithe. Ina cheann sin, féadfaidh an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid tacaíochtaí scrúduithe mura n-úsáideann tú na tacaíochtaí a cheadaítear duit.

Conas is féidir liom leas a bhaint as tacaíochtaí scrúduithe? 

  • Cláraigh leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais chomh luath agus a thosaíonn do chúrsa.
  • Aontaigh do chuid tacaíochtaí scrúduithe ag an gcruinniú measúnaithe ar riachtanais a bheas agat.
  • Má theastaíonn uait iad a athrú caithfidh tú cruinniú a shocrú leis an teagmhálaí a bheas agat in DSS.
  • Beidh na tacaíochtaí aontaithe i bhfeidhm go huathoibríoch do gach scrúdú oifigiúil ollscoile ag deireadh an téarma.
  • Déantar na tacaíochtaí do scrúduithe tí/roinne a shocrú idir tú féin agus do léachtóir (féach thíos).
  • Ní mór duit an DSS a chur ar an eolas má dhéanann tú scrúdú a chur siar. Seol ríomhphost chuig disabilityservice@nuigalway.ie

Clár ama na Scrúduithe agus na hIonaid

  1. Féach do chlár ama pearsanta scrúduithe anseo.
  2. Seiceáil na leasuithe i gcónaí chun athruithe ar dháta, am nó ionad an scrúdaithe a fháil amach.
  3. Mura bhfuil clár ama pearsanta agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le Deasc Eolais na Mac Léinn (SID) láithreach agus seiceáil an bhfuil tú cláraithe mar is ceart.
  4. Má tá scrúdú ar iarraidh ó do chlár ama, déan teagmháil le do léachtóir: d’fhéadfadh gur scrúdú roinne a bheadh ann.
  5. Feicfidh tú príomhionaid na scrúdaithe nuair a logálann tú isteach chun do chlár ama a fheiceáil.
  6. Má dhéantar ionad scrúdaithe eile a shocrú duit cuirfear sonraí an ionaid in iúl duit ar ríomhphost.
  7. Beidh ort do chlár ama a sheiceáil chun dátaí agus amanna a dhearbhú.

Scruduithe Roinne nó Tí

Socraíonn an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais agus Oifig na Scrúduithe na tacaíochtaí scrúduithe do na scrúduithe oifigiúla ag deireadh an téarma amháin i.e. na scrúduithe a fheicfidh tú ar do chlár ama pearsanta a chuirfear ar fáil duit ó Oifig na Scrúduithe. 

Má tá tacaíochtaí scrúduithe ag teastáil uait i scrúdú roinne nó tí, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do léachtóir i bhfad roimh dháta an scrúdaithe. Má dhéanann tú teagmháil leis/léi ar ríomhphost, ceangail cóip de do thuairisc LENS.

Tuilleadh eolais faoi Scrúduithe

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scrúduithe in OÉ Gaillimh, féach ar shuíomh gréasáin Oifig na Scrúduithe.