Conas Clárú

Is próiseas éagsúil é clárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais (DSS) agus clárú mar mhac léinn le OÉ Gaillimh. Ba chóir do gach mac léinn atá faoi míchumas, a bhfuil riocht fisiciúil fadtréimhseach nó meabhairshláinte air/uirthi, nó a bhfuil sain-mhíchumas foghlama aige/aici clárú leis an DSS. Níl ort ach clárú leis an DSS aon uair amháin agus beidh tú cláraithe leo ar feadh do chúrsa. Dá bhféadfá é, ba chóir duit clárú le OÉ Gaillimh sula gcláraíonn tú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais. Féadfaidh tú clárú leis an DSS ag pointe ar bith le linn do chuid staidéir; ach mar sin féin, moltar duit clárú ag tús na chéad bhliana más féidir.
Agus tú cláraithe leis an DSS tugann sé deis duit leas a bhaint as tacaíochtaí agus socruithe ar bith a theastaíonn uait. Lean na trí chéim seo a leanas le clárú leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais.