Fáilte

Fáilte

Ag glacadh le hiarratais do bhonnchúrsaí páirtaimseartha 2024-25

Fáilte chuig leathanach an Ionaid Rochtana do Mhic Léinn Lánfhásta. Tá eolas le fáil maidir le hiarratas a dhéanamh mar mhac léinn lánfhásta in Ollscoil na Gaillimhe, na cúrsaí céime ar féidir cur isteach orthu, na critéir iontrála, nósanna imeachta measúnaithe agus eolas riachtanach ar chúrsaí airgeadais agus tacaíochtaí.

Léigh leat anseo

An chéad chéim chun do ghairm bheatha a athrú is ea céim a bhaint amach in Ollscoil na Gaillimhe. Sula smaoiníonn tú ar an gcéim is mian leat a bhaint amach tá roinnt céimeanna a mholaimid:

  1. Léigh an Treoir do Mhic Léinn Lánfhásta chun eolas a fháil ar chritéir a bhaineann lenár gcéimeanna uile.
  2. Léigh an Réamheolaire Fochéime chomh maith chun mionchur síos a fháil ar na céimeanna agus na hábhair aonair.
  3. Tá eolas ar Láithreán Gréasáin na gCúrsaí Iarchéime faoi na roghanna atá ar fáil duit le staidéar a dhéanamh orthu tar éis duit do chéim a bhaint amach.
  4. Mura bhfuil tú cinnte faoi chéim lánaimseartha a dhéanamh bain triail as Bonnchúrsa ar dtús nó Cúrsa Rochtana.
  5. Mura bhfuil tú cinnte cén Ghairm Bheatha le tabhairt faoi, bain triail as roinnt tástálacha gairmeacha ag http://www.careerdirections.ie/
  6. Téigh chuig Laethanta Oscailte Ollscoil na Gaillimhe. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Imeachtaí Fíorúla Ollscoil na Gaillimhe.
  7. Déan iarratas tríd an CAO in am! Roimh an 20 Eanáir chun an lascaine ar líne a fháil. Caithfidh gach iarratas a bheith istigh roimh an 1 Feabhra. http://www.cao.ie/
  8. Cinntigh go bhfuil tú cláraithe i gceart le haghaidh aon Mheasúnuithe Iontrála mar atá leagtha amach sa Treoir do Mhic Léinn Lánfhásta.
  9. Comhlánaigh d’iarratas CAO i gceart ag cur tic sa bhosca Mac Léinn Lánfhásta. Ná bíodh drogall ort an taithí ábhartha uile atá agat agus na cúrsaí ar fad ar ghlac tú páirt iontu a chuidigh leat dul i dtreo céim a bhaint amach a chur san áireamh.
  10. Má bhíonn plean soiléir gairme agat, tabharfaidh sé cúnamh duit a bheith dírithe, spreagtha agus diongbháilte.

 

Tá Oifig na Mac Léinn Lánfhásta lonnaithe san Ionad Rochtana ar urlár na talún in Áras Uí Chathail. Moltar coinne a dhéanamh le hOifigeach na Mac Léinn Lánfhásta. Rphostmaturestudents@universityofgalway.ie