Leagan Béarla - English version

An tIonad Scríbhneoireachta Acadúla

Céard? Cuireann an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla seisiúin teagaisc duine le duine ar fáil in aisce ar scríobh aistí, ceardlanna físeán agus cúrsa scríbhneoireachta don idirlíon & cúrsa eagarthóireachta piarmheasúnaithe.

Tá córas tosaíochta áirithinte do chomhairliúchán duine le duine i bhfeidhm do mhic léinn atá cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais.  Má bhíonn dúshláin ar bith romhat leis an scríbhneoireacht acadúil, moltar go láidir duit teagmháil a dhéanamh leis an Ionad.   Chun coinne a dhéanamh linn, líon an fhoirm ar líne seo: Request an Appointment at the AWC / Iarratas a dhéanamh ar choinne leis an AWC. (office.com)

Cén áit? Tá an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla lonnaithe ar an dara hurlár i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin.

An tIonad SUMS

Céard? Is ionad tacaíochta buail isteach atá san Ionad SUMS don Mhatamaitic inar féidir le mic léinn uile OÉ Gaillimh obair a dhéanamh ar a gceisteanna matamaitice. Tá an tIonad á reáchtáil ag teagascóirí sároilte a chuireann tacaíocht aonair ar fáil, más gá.

Tá an rogha ag mic léinn a nochtadh go bhfuil siad cláraithe leis an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais agus seisiún á chur in áirithe acu le SUMS. Má nochtann tú míchumas, beidh an rogha agat bualadh leis an Stiúrthóir chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr is féidir le SUMS tacú leat. Féach an t-amchlár agus nasc chuig an bhfoirm áirithinte.

Cén áit? Áras de Brun, Urlár na Talún C116