-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Limistéir Lóistín
Cé go bhfuil an-éileamh ar thithe i nGaillimh, tá roghanna éagsúla ar fáil do mhic léinn ar fud Chathair na Gaillimhe agus an cheantair máguaird. Is iomaí bealach bus ar fud na Gaillimhe agus traenacha chuig na ceantair máguaird. Is féidir leat rothar athláimhe a cheannach go háitiúil freisin nó rothair a fháil ar cíos TFI bikes.
Féach an lóistín príobháideach taobh amuigh den champas trí Studentpad (do láithreán gréasáin iontaofa chun lóistín príobháideach a aimsiú).
Tá níos mó eolais faoi limistéir lóistín na Gaillimhe le fáil thíos.
Baile Átha an Rí
Luíonn an baile mór meánaoiseach seo, a bhfuil an-tóir air, 20 nóiméad ar an traein ó lár chathair na Gaillimhe.
Bearna (Barna ar go leor léarscáileanna / liostaí)
Sráidbhaile álainn cois farraige atá éasca taisteal uaidh go dtí an campas.
An Baile Bán
Gar don Rinn Mhór agus Ionad Siopadóireachta Chnoc Mhaoil Drise, tá an Baile Bán suite 20 nóiméad ar an mbus ó lár na cathrach.
Cnoc na Cathrach
Maigh Cuilinn (Moycullen ar go leor léarscáileanna / liostaí)
Sráidbhaile lonnaithe thart ar 10 km siar ó thuaidh ó chathair na Gaillimhe, gar do Loch Coirib atá go hálainn.
Órán Mór
Baile comaitéireachta a bhfuil an-tóir air, suite ar imeall Chuan na Gaillimhe thart ar 9 km soir ó chathair na Gaillimhe.
Uachtar Ard
Tá Uachtar Ard suite ar bhruach Abhainn Ruibhe álainn, thart ar 26 km siar ó thuaidh ó chathair na Gaillimhe.
Rathún
15 nóiméad tiomána ó lár na cathrach, le hionad siopadóireachta agus páirceanna imeartha an Taoibh Thiar in aice láimhe.
Bóthar na Trá
Rogha mhuintir na háite é Promanád Bhóthar na Trá le haghaidh siúlóidí agus snámha, nach bhfuil ach aistear gairid ar bhus ó lár na cathrach.
An Spidéal (Spiddal ar go leor léarscáileanna / liostaí)
Sráidbhaile gleoite ar bhruach Chuan na Gaillimhe le sráidbhaile spraíúil ceardaíochta (18 km ó chathair na Gaillimhe).
Tuaim
D’ainneoin a bheith an baile mór is faide i gcéin (33.4 km ó chathair na Gaillimhe), tá áiseanna maithe i dTuaim agus radhairc áille sa cheantar máguaird.
Campais Satailíte
Coláiste Ósta na Sionna
Má tá tú sa chéad bhliain ag staidéar i gColáiste Ósta na Sionna, tá lóistín ar fáil i nGairdíní an Chaisleáin i mbaile Bhun Raite. Tá gach gné den lóistín seo á bhainistiú ag cuideachta phríobháideach, Rent an Irish Cottage MGMT Ltd..
Má tá tú i mbliain 3 nó 4, tá lóistín ar fáil i mBun Raite Thiar i mbaile Bhun Raite, arna bhainistiú ag Rent an Irish Cottage chomh maith. Is féidir leat tuilleadh teagmhálaithe maidir le lóistín príobháideach a fháil anseo.
Is féidir leat roghanna a scrúdú freisin ar Studentpad, inneall cuardaigh iontaofa maidir le lóistín príobháideach do mhic léinn. Faoin gceannteideal “Campas” roghnaigh “Coláiste Ósta na Sionna”. I measc na bhfoinsí eile do lóistín príobháideach tá Daft.ie, Rent.ie agus MyHome.ie – ach, moltar a bheith cúramach. Ná scar le haon phingin go dtí go mbeidh an áit feicthe agat go pearsanta.
Le haghaidh tuilleadh cúnaimh déan teagmháil leis an Oifigeach i Seirbhísí do Mhic Léinn, April ag april.rushe@universityofgalway.ie. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi lóistín i gColáiste Ósta na Sionna.
Cuardaigh Lóistín Príobháideach i nGaillimh
Cuardaigh lóistín trí Studentpad Ollscoil na Gaillimhe.