-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Eolas Fúinn
Cuireann Seirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn seirbhís saor in aisce ar fáil, idir chomhairleoireacht duine-le-duine agus chomhairleoireacht ar líne. Cuirtear comhairleoireacht ghrúpa agus ceardlanna ar fáil freisin. Is gnáthrud an chomhairleoireacht a lorg anseo agus ní comhartha é nach bhfuil tú in ann déileáil leis an saol, ach go bhfuil neart agus acmhainneacht ionat. Tacaímid le thart ar 10% de dhaonra na mac léinn gach bliain. Fáiltítear roimh fhadhb ar bith, mór nó beag, anseo.
Nuair a Dhéanann Tú Teagmháil Linn
Trí labhairt le comhairleoir cabhróidh sé leat peirspictíocht a fháil chun freagra níos éifeachtaí a thabhairt ar do dheacrachtaí. Tosaíonn an chomhairleoireacht anseo le seisiún measúnaithe ina bhfiosraíonn tú féin agus do chomhairleoir an tionchar atá imeartha ort agus na spriocanna atá agat don chomhairleoireacht. Is féidir dul i ngleic le roinnt dúshlán sa chéad seisiún seo, ach d’fhéadfadh seisiúin eile a bheith riachtanach i gcás ceisteanna níos casta. Mar sin féin, is í aidhm na seirbhíse an chomhairleoireacht a choinneáil dírithe agus éifeachtach, agus formhór na mac léinn sa tseirbhís ag baint leas as suas le 4 sheisiún. Measann roinnt mac léinn go bhfuil na grúpaí chomh héifeachtach nó níos éifeachtaí ná comhairleoireacht duine le duine.
Is féidir linn tú a nascadh le seirbhísí tacaíochta eile, seirbhísí inmheánacha mar shampla Seirbhísí na Mac Léinn agus seirbhísí gairmiúla seachtracha. Molaimid do mhic léinn tacaí ar líne a úsáid mar shampla Togetherall i ndiaidh na comhairleoireachta chun meabhairshláinte dhearfach a chothú. De ghnáth bíonn fanacht thart ar choicís ar mhic léinn ach d’fhéadfadh mic léinn a bheith ag fanacht níos faide ná sin le linn tréimhsí gnóthacha. Tá an tseirbhís faoi rún ach amháin má tá tú féin nó duine éigin eile i mbaol mór díobhála. Má bhíonn tú i gcruachás nach féidir a chur ar an méar fhada, cuir in iúl dúinn é agus tabharfaimid coinne duit an lá céanna.
Cá bhfuilimid lonnaithe?
Tá an phríomhoifig ag 5 Bóthar na Drioglainne (H91 TKW3). Is iad ár n-uaireanta oscailte ná 9am–1pm agus 2–5pm Luan go hAoine. Le linn an téarma, bíonn coinní ar fáil oíche Mháirt & oíche Chéadaoin freisin.
Fáiltiú
Líne dhíreach: 091 492484
Folíne: 2484
Ríomhphost: counselling@universityofgalway.ie