-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
- Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Foghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d'Aosaigh
Fáilte chuig an bhFoghlaim d'Aosaigh
Fáilte chuig an Ionad Foghlama & Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh. Cuirimid réimse cúrsaí Gairmiúla, Páirtaimseartha agus Oíche ar fáil. Tugann ár gcúrsaí solúbtha deis duit staidéar a dhéanamh i d'am féin i réimse leathan ábhar. Más ag iarraidh breisoiliúint a chur ort féin don fhostaíocht atá tú nó ar mhaithe le d'fhorbairt phearsanta, tá cúrsa againne duit!
Tabhair faoi deara: Táthar ag glacadh le hiarratais ar líne anois dár gcúrsaí páirtaimseartha go léir don Bhliain Acadúil 2023/24. Beidh modh staidéir éagsúil (foghlaim chumaisc, foghlaim ar líne etc.) i gceist do gach cúrsa. Féach ar leathanach gréasáin an chúrsa sula ndéanann tú iarratas agus déan teagmháil le riarthóir an chúrsa má tá aon cheist agat.

Buneolas Fúinn
Agus breis is 50 bliain caite ag cur deiseanna oideachais ar fáil d’fhoghlaimeoirí lánfhásta agus deiseanna chun scileanna nua a shealbhú, cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d'Aosaigh réimse leathan cúrsaí páirtaimseartha, solúbtha ar fáil i raon leathan ábhar idir Sheandálaíocht agus Intleacht Shaorga, Síceolaíocht agus Fisic nó Forbairt Ceannaireachta agus Dearadh Foghlama.
Cuirimid fáilte roimh os cionn 1,800 foghlaimeoir páirtaimseartha chuig an Ionad gach bliain. Soláthraímid modúil astu féin ar mhaithe leis an bhforbairt ghairmiúil leanúnach (CPD) nó cúrsaí a mbaineann Teastas, Dioplóma, Céim agus Máistreacht leo. Mar sin, más mian leat tabhairt faoi chúrsa ar bhonn pearsanta nó chun breisoiliúint a chur ort féin nó má theastaíonn uait scileanna nua a shealbhú ar mhaithe le fostaíocht, tá tú san áit cheart!
Is iomaí bealach atá tú in ann tabhairt faoi chúrsa (i.e. sa seomra ranga, ar líne) agus beidh tú in ann staidéar a dhéanamh i d'am féin ag brath ar do shaol oibre agus pearsanta. Féach ar an liosta iomlán de chúrsaí páirtaimseartha atá againn i réimse leathan ábhar ar a n-áirítear: Gnó & Bainistíocht, Eolaíocht & Teicneolaíocht, na Daonnachtaí, na hEolaíochtaí Sóisialta, Oideachas Pobail, Léann Luath-Óige agus Oiliúint & Oideachas.

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach
Tá sé níos éasca anois ná riamh foghlaim trí CPD - Forbairt Ghairmiúil Leanúnach - a bhuíochas don Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh.
Próiseas é CPD ina mbainistíonn tú do chuid eolais agus scileanna gairmiúla féin ar bhonn leanúnach. Trí CPD beidh an deis agat cuntas a choinneáil ar do chuid foghlama, í a athbhreithniú agus machnamh a dhéanamh uirthi. Tá sé seo riachtanach d'fhostaíocht leanúnach agus ardú céime.
Féadfaidh tú modúl amháin a dhéanamh nó cúpla ceann a dhéanamh neamhspleách ar a chéile. Tá na modúil dírithe ar an tionscal agus is deis iontach iad le hathoiliúint a chur ort féin i do ghairm agus cur le do phortfóilió CPD. Tuilleadh eolais anseo.

An Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta
Gach samhradh tagann breis is trí chéad mac léinn idirnáisiúnta a bhfuil suim acu sa Léann Éireannach, Oideachas in Éirinn, an Ghaeilge, Seandálaíocht, Geolaíocht agus Eiceolaíocht ar cuairt chugainn.
Tugann na cúrsaí dearcadh maith, ilchineálach do na mic léinn ar an ábhar. Is léachtóirí agus daoine gairmiúla den scoth a bhfuil réimse leathan saineolais acu ina n-ábhair féin a bhíonn ag teagasc ar na cúrsaí.
Cuid lárnach de na cúrsaí iad na turais oideachais a dhéanann na mic léinn agus a thugann an deis dóibh eolas praiticiúil a chur ar ábhar ar leith. I rith do thréimhse staidéir, beidh an deis agat cuairt a thabhairt ar chathair na Gaillimhe agus ar áiteanna eile in Éirinn. Tuilleadh eolais anseo.