Pól Ó Dochartaigh Uachtarán Ionaid agus An Meabhránaí  

An tOllamh Pól Ó Dochartaigh, MRIA                                                                                                                    Folíne: 2121; Líne Dhíreach:  353 (0)91 - 492121
Ríomhphostdpr@universityofgalway.ie
 

Is é an tOllamh Pól Ó Dochartaigh Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí na hOllscoile. Is ball é d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile, den Chomhairle Acadúil agus d’Údarás na hOllscoile agus déanann sé ionadaíocht ar an Uachtarán nuair a bhíonn sé as láthair. Ina ról tá freagracht uileghabhálach ar Phól as straitéis acadúil, arduithe céime acadúla agus caighdeán acadúil. Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Teagaisc agus Foghlama na hOllscoile, ar an gCoiste Arduithe Céime Acadúla, ar an gCoiste d’Fheabhsú Feabhais, i measc coistí eile san Ollscoil. Taobh amuigh den Ollscoil, tá sé ina chathaoirleach ar Bhord na Lár-Oifige Iontrála (CAO), tá sé ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann agus ina bhall de Bhord Choláiste na Coiribe i gCathair na Gaillimhe. Is as Béal Feirste ó dhúchas do Phól, agus tá BA (Onór.) aige sa Ghearmáinis ó Ollscoil na Breataine Bige (Caerdydd) agus BA (Onór.) sa Ghaeilge ó Ollscoil Uladh, chomh maith le PhD agus DLitt sa Ghearmáinis ó Ollscoil Nottingham. Tá sé ina Bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann, ina Chomhalta de Chumann Ríoga na Staire agus ina Chomhalta den Higher Education Academy. Bhí sé ina Uachtarán ar an Association for German Studies in Great Britain and Ireland (2011-14) agus ina Chathaoirleach ar Choiste Acadamh Ríoga na hÉireann do Nua-Theangacha, Léann Liteartha agus Cultúrtha (2004-9). Tá obair déanta ag Pól ar oidhreacht an Uileloiscthe, ar thionchar na Gearmáine ar an Léann Ceilteach agus le gairid ar Ghiúdaigh i litríocht agus i stair na hÉireann. Tá cúig mhonagraf foilsithe aige, tá sé bhailiúchán curtha in eagar aige agus tá níos mó ná dhá scór alt agus caibidil curtha i gcló aige.

 

 Marie Kennedy  Cúntóir Pearsanta an Uachtaráin Ionaid & Meabhránaí
Marie Kennedy  
Folíne: 2121; Líne Dhíreach: 353 (0)91 492121
Ríomhphostdpr@universityofgalway.ie
   
 

 

Monica Crump  Leabharlannaí Eatramhach na hOllscoile
Monica Crump
Folíne: 3712; Líne Dhíreach: 353 (0)91 493712
Ríomhphost: monica.crump@universityofgalway.ie
 

Mar Leabharlannaí Ollscoile Eatramhach, tá Monica Crump freagrach as Straitéis na Leabharlainne a chur chun cinn i gcomhar le foireann na Leabharlainne.  Beidh aird ar leith aici ar an obair phleanála don Fhoirgneamh Leabharlainne nua, áit a mbeidh timpeallacht foghlama a fheilfidh don todhchaí ar fáil, a thacóidh le Straitéis Acadúil na hOllscoile, trí dheiseanna comhoibrithe agus cruthaitheachta a chur ar fáil do mhic léinn, a thacóidh lena gcuid foghlama, mar aon le bailiúcháin agus spásanna don staidéar aonair, fócasaithe. Tá beagnach 30 bliain taithí ag Monica ag obair mar leabharlannaí agus mar thaighdeoir san earnáil ardoideachais.  Tá spéis ar leith aici sa chumarsáid agus san fhoilsitheoireacht léannta, atá ag athrú de shíor, chomh maith le foirne a thabhairt le chéile agus a fhorbairt ar mhaithe le spriocanna straitéiseacha institiúideacha a bhaint amach, agus tacú le riachtanais na n-úsáideoirí. Tá B.A. sa Ríomheolaíocht, sa Teangeolaíocht agus sa Ghearmáinis (TCD) ag Monica, Máistreacht san Eolaíocht Leabharlainne agus Eolais (UCD), chomh maith le B.A. sa Fhraincis (Ollscoil na Gaillimhe).  Is ball tofa d’Údarás na hOllscoile í ó 2021 agus ball den Choiste Seasta agus Pleanála Straitéisí, agus bhí sí mar bhall den Choiste Acmhainní Airgeadais chomh maith.

  

Iain MacLaren Stiúrthóir an Ionaid Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc (CELT)
Dr Iain MacLaren
Folíne: 2822 Líne Dhíreach: 353 (0)91 492822
Ríomhphostiain.maclaren@universityofgalway.ie
 

Is é an Dr Iain Mac Labhrainn Stiúrthóir an Ionaid Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc (CELT), Ionad lena mbaineann réimse leathan cúraimí lena n-áirítear teicneolaíochtaí chun tacú le foghlaim agus teagasc (bídís sa seomra ranga nó ar líne), forbairt ghairmiúil na foirne acadúla, polasaí agus straitéis maidir le foghlaim agus teagasc, agus taighde agus scoláireacht san ardoideachas. Sular ghlac sé an ról seo chuige féin, rinne sé taighde agus teagasc i riar ollscoileanna in Albain agus i Sasana, agus baineann a chúlra disciplíneach féin leis an Réaltfhisic (BSc (Onóracha) Dún Éideann, PhD Durham) a leathadh amach freisin i dtreo na fisice atmaisféaraí, ardteicnící ríomhaireachta, teicneolaíochtaí ilmheán, agus an t-oideachas. Ghlac sé páirt, agus ról ceannaireachta, i roinnt tionscadal náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le forbairt ghairmiúil agus le teicneolaíochtaí foghlama. Ba bhunbhall Boird den Fhóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta & Foghlama é, tá sé ina Phríomhchomhalta den Higher Education Academ/AdvancedHE faoi láthair, agus bíonn sé ag scríobh agus ag foilsiú leis sa réimse, scríobh sé in Reflective Teaching in Higher Education (an 1ú agus an 2ú hEagrán, Bloomsbury) le deireanas, ar príomhthéacs é ar go leor clár Iarchéime san fhoghlaim agus sa teagasc.

  

Nuala McGuinnStiúrthóir ar an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh
Nuala McGuinn
Folíne: 2146 Líne Dhíreach: 353 (0)91 492146
Ríomhphostnuala.mcguinn@universityofgalway.ie
 
Tá Nuala McGuinn ina Stiúrthóir ar an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh in Ollscoil na Gaillimhe ó ceapadh sa ról sin í in 2013.  Tá breis agus 25 bliain taithí ag Nuala ar bheith ag obair san fhoghlaim agus san fhorbairt d’aosaigh laistigh d’earnáil na hInstitiúide Teicneolaíochta agus na hOllscoile.  Ina ról reatha in Ollscoil na Gaillimhe tá dualgas uirthi maidir le forbairt agus leathadh réimse na gclár páirtaimseartha san Ollscoil le béim faoi leith ar mhúnlaí solúbtha seachadta cúrsa, forbairt agus cur i bhfeidhm clár cumaisc agus foghlama ar líne, comhpháirtíocht le tionscal le riachtanais oiliúna an réigiúin a aithint agus a chur ar fáil agus tacú le foghlaimeoirí lánfhásta ina n-aistear gairmiúil forbartha. Chuir Nuala tús lena gairm mar mhúinteoir bunscoile, agus ó shin i leith tá sí tar éis a spéis sa teagasc, san oideachas agus sa bhainistíocht a fhí isteach ina cuid oibre reatha sa bhainistíocht oideachais agus dearadh agus forbairt ar chlár acadúil.  Tá MA i mBainistíocht san Oideachas (WIT), MSc i gCleachtas Margaíochta (Ollscoil na Gaillimhe), Ard-Dioplóma i Staidéar Gnó (Ollscoil na Gaillimhe) agus Baitsiléir san Oideachas (Coláiste Naomh Pádraig) bainte amach aici. I measc a cuid réimsí spéise tá forbairt ghairmiúil agus forbairt an fhórsa saothair, foghlaim obairbhunaithe, múnlaí creidiúnaithe don réamhfhoghlaim agus don fhoghlaim ó thaithí, agus tacú agus forbairt foghlaimeoirí lánfhásta san ardoideachas. Tá Nuala ina ball de Ghrúpa Stiúrtha Fhóram Réigiúnach Scileanna an Iarthair agus is í rúnaí oinigh Líonra Ardoideachais na hÉireann um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil (HELLIN) í.
 
 
Michelle Ní Chróinín Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála
Michelle Ní Chróinín
Folíne: 2591 Líne Dhíreach: 353 (0)91 492591
Ríomhphostmichelle.nichroinin@universityofgalway.ie
 

Is í Michelle an Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála in Oifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí, agus stiúrann sí tionscadail uile-Ollscoile a bhaineann le cur i bhfeidhm a misin straitéisigh acadúil. Sular ceapadh sa ról nua seo í, bhí sí ina hOifigeach Preasa & Faisnéise na hInstitiúide in Ollscoil na Gaillimhe roimhe sin. Tá breis is 20 bliain taithí ag Michelle i riarachán poiblí, cumarsáid agus rialachas corparáideach. Ba bhall tofa d’Údarás na hOllscoile í idir 2013-2019 agus ba bhall de Choiste Tionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha na hOllscoile í chomh maith. Faoi láthair tá sí i mbun a dara téarma ar Bhord TG4 áit ar fheidhmigh sí mar Chathaoirleach eatramhach an Bhoird in 2017. D’fhreastail sí ar Choiste Iniúchta agus Airgeadais TG4 agus is í Cathaoirleach reatha Choiste Branda agus Margaíochta TG4 í. In 2018, iarradh uirthi bheith ina ball de Bhord Macnas agus is iarbhall de bhord Volunteer Galway í. Tá MA sa Ghnó (IMI/COC), MA i Léann na Meán (OL), Ard-Diop i Riarachán na nEalaíon (Ollscoil na Gaillimhe), Ard-Diop i mBainistíocht Tionscadail Fheidhmigh (IPM/COC), agus BMus (COC) ag Michelle.

 

Caroline Ní FhlathartaOifigeach na Gaeilge
Caroline Ní Fhlatharta
Folíne: 4666 Líne Dhíreach: 353 (0)91 494666
Ríomhphost: caroline.nifhlatharta@ollscoilnagaillimhe.ie
 

Ceapadh Caroline Ní Fhlatharta mar an chéad Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair 2021. Cuid lárnach de chéad Straitéis na Gaeilge – Straitéis na Gaeilge 2021-2025 - is ea an chéad Oifigeach Gaeilge a bheith ceaptha in Ollscoil na Gaillimhe. Tacóidh ceapachán Caroline leis an Straitéis seo, mar aon lenár bhfís timpeallacht inbhuanaithe dhátheangach a fhorbairt agus a chothú agus ár dteanga a chur chun cinn i ngach gné de shaol na hollscoile agus i measc phobal Ollscoil na Gaillimhe, na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá MA san Fhoghlaim agus Forbairt d’Aosaigh, BA sa Ghaeilge Fheidhmeach, Dioplóma sa Ghaeilge agus Dioplóma i dTeicneolaíochtaí Gnó bainte amach ag Caroline le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, chomh maith le Teastas Iarchéime i gComhairle agus Treoir um Oideachas Aosach le hOllscoil Mhá Nuad. Rinne sí áisitheoireacht ar an gcéad Chlár Ceannaireachta LIFT sa tír trí Ghaeilge le baill foirne de chuid na hOllscoile agus bhuaigh sí Gradam LIFT don Nuálaíocht agus Inoiriúnaitheacht. Is cainteoir dúchais as Conamara í, a bhí ag obair le TG4 aici sular thosaigh sí san Ollscoil in 2005.

 
 
Sinéad O'Connor Stiúrthóir Feabhais
Sinéad O'Connor
Folíne: 4311 Líne Dhíreach: 353 (0)91 494311
Ríomhphostsinead.oconnor@universityofgalway.ie 
 

Tá Sinéad ag feidhmiú mar an Stiúrthóir Feabhais ó ceapadh í sa ról i samhradh 2019. Tá taithí ocht mbliana déag aici i réimsí an rialachais, na hiniúchóireachta, na bainistíochta riosca, agus na bainistíochta straitéisí. Tá taithí seacht mbliana aici in earnáil an ardoideachais ag obair mar Iniúchóir Inmheánach in Ollscoil na Gaillimhe, agus ról lárnach aici sa phróiseas freagrachta poiblí trí dhearbhú a thabhairt d'Údarás na hOllscoile maidir leis na creataí a bhaineann le smachtú inmheánach agus bainistíocht riosca laistigh den Ollscoil. D’oibrigh sí mar Bhainisteoir Airgeadais don Ionad Anailísíochta Sonraí Insight chomh maith. Is í Sinéad iarArd-Stiúrthóir Chumann na Camógaíochta, eagraíocht náisiúnta spóirt a chlúdaíonn 600 club agus líonra de thuairim is 100,000 ball. Is ball den Choiste d’Fheabhsú Cáilíochta, den Chomhairle Acadúil agus de Choiste Seasta na Comhairle Acadúla í Sinéad agus bhí sí ar Choiste Iniúchta & Bainistíochta Riosca na hOllscoile roimhe sin. Tá Baitsiléir Eolaíochta sa Chuntasaíocht ag Sinéad ó Ollscoil Scranton agus Máistreacht sa Chuntasaíocht aici ó COBÁC.  Is Cuntasóir Cairte í.

  

Michelle O'Dowd Lohan Oifigeach Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile
Michelle O'Dowd Lohan
Folíne: 4498 Líne Dhíreach: 353 (0)91 494498
Ríomhphostmichelle.odowd@universityofgalway.ie
 

Is í Michelle O’Dowd Lohan an chéad Oifigeach Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile in Ollscoil na Gaillimhe. Arna cheapadh i mí Mheán Fómhair 2019, is post sinsearach ceannaireachta é seo a thacaíonn leis an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí le cuspóirí na Comhpháirtíochta Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile (CUSP) a chur chun cinn. Cuireann CUSP roimhe campas den chéad scoth, atá glas, cliste agus sláintiúil a bhaint amach do Ollscoil na Gaillimhe trí inbhuanaitheacht a leabú i ngníomhaíochtaí teagaisc, foghlama, oibríochta, agus for-rochtana níos leithne. Is céimí de chuid na hEolaíochta Comhshaoil in Ollscoil na Gaillimhe í Michelle. Bhain sí Ard-Dioplóma san Oideachas amach ina dhiaidh sin sular fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste áit a ndearna sí MSc san Innealtóireacht Chomhshaoil. D’oibrigh Michelle roimhe seo mar Chomhlach Taighde Inbhuanaitheachta in Institiúid Uí Riain, Ollscoil na Gaillimhe. I measc na réimsí taighde a bhfuil spéis aici iontu tá inbhuanaitheacht a bhaineann le hearnálacha oideachais agus sláinte. Sular tháinig sí go Ollscoil na Gaillimhe chaith Michelle 12 bhliain ag obair mar Chomhordaitheoir Comhshaoil agus Bainistíochta Dramhaíola le hOspidéil na hOllscoile, Gaillimh.