Lógó Fios Físe Tionscadal é Fios Físe atá bunaithe ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin le TG4. Bunaíodh an tionscadal le tomhais a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag Pobal Labhartha na Gaeilge ar TG4.

Faigheann TG4 staidrimh féachana seachtainiúla ó TAM Ireland Nielsen. Baineann na staidrimh sin le pobal féachana an Chainéil in Éirinn trí chéile. Tá sé mar aidhm ar leith leis an togra seo faisnéis agus tuairimí a bhailiú maidir le pátrúin féachana phobal labhartha na Gaeilge ar fud Oileán na hÉireann.

Tá an Painéal oscailte do phobal labhartha na Gaeilge ó cheann ceann na tíre mar sin. Tógfaidh comhdhéanamh an Phainéil scaipeadh thíreolaíoch, próifíl déimeagrafach agus inniúlacht teanga san áireamh.

Iriseoireacht na Gaeilge: Cá bhfaigheann pobal na Gaeilge a soláthar nuachta?

Nuacht, Cúrsaí Reatha agus Pobal Labhartha na Gaeilge

Tuairisc faoin taighde a rinne Aonad Léann na Cumarsáide in OÉ Gaillimh i gcomhar leis an togra taighde Fios Físe le comhailre ón áisíneacht taighde Red C. Tuairimí agus dearcthaí lucht labhartha agus lucht féachana na Gaeilge faoin soláthar nuachta agus cúrsaí reatha atá ar fáil dóibh, le fócas ar leith ar sheirbhís TG4. 

Is comhfhiontar í an obair seo idir Ollscoil na Gaillimhe agus TG4, i gcomhar leis an áisíneacht taighde, Red C. Is iad TG4 a rinne an taighde seo a choimisiúnú, thug siad comhailre dúinn faoi eilimintí éagsúla de sholáthar nuachta TG4, agus bhí ionchur acu i ndearadh na gceisteanna do shuirbhé Fios Físe agus an suirbhé oscailte

Tá an taighde coimisiúnaithe ag TG4 le tacaíocht ón Údarás Craolachán na hÉireann

Is féidir an tuarascáil a léamh anseo: Tuarascáil Cúrsaí Reatha TG4 2021