Forléargas ar an gCúrsa

Ábhar roghnach ar an gCéim BA (GY101) is ea Léann na Cumarsáide, a bhíonn á theagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus a mhaireann ar feadh trí bliana. Cabhróidh an chéim seo leat forbairt a dhéanamh mar dhuine atá in ann machnamh go criticiúil agus grinnanailís a dhéanamh ar réimse leathan ábhar. Ina theannta sin, má roghnaíonn tú Léann na Cumarsáide, bainfidh tú sult agus taitneamh as an meascán tomhaiste den staidéar acadúil agus den oiliúint phraiticiúil a gheobhaidh tú san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht agus sna hilmheáin.


An raibh fhios agat?
Ag brath ar do chuid torthaí sa Chéad Bhliain de Léann na Cumarsáide ar an gCéim BA (GY101), beidh deis agat aistriú sa dara bliain go dtí an chéim ainmnithe GY122 BA (Cumarsáid & Gaeilge), más maith leat. An buntáiste a bhaineann leis an gcur chuige solúbtha seo ná nach gá duit d’intinn a shocrú ar fad go dtí go mbeidh an Chéad Bhliain curtha i gcrích agat. Beidh deis agat céim cheithre bliana a bhaint amach le taithí oibre agus tréimhse sa Ghaeltacht i gceist sa tríú bliain. Gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht aonair ar leith le taithí fhíorluachmhar sna meáin mar intéirneach le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse. Eolas ar fáil anseo: http://www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_ceime/cumarsaid-gaeilge/

Má roghnaíonn tú Léann na Cumarsáide mar ábhar, beidh teacht agat ar chuimse ábhar eile. Ina measc siúd tá Gaeilge, Béarla, Fraincis, Stair, Léann an Aistriúcháin, Iodáilis, Spáinnis, Teicneolaíocht Faisnéise, Síceolaíocht agus Léann na Socheolaíochta agus na Polaitíochta. Roghnaíonn tú trí ábhar sa Chéad Bhliain agus leanann tú ar aghaidh le dhá ábhar onóracha don chéim. Tá Léann na Cumarsáide á thairiscint ar Champas na hOllscoile i nGaillimh.

 
 
 
 

Iarratais agus roghnúchán

Eolas faoi na teagascóirí

Seán Breathnach
Fionn Ó Sealbhaigh
Aodh Ó Coileáin
Dan Dwyer
Norita Ní Chartúir
Gearóid Ó Cadhain

 
 
 
 

Riachtanais agus measúnú

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Íosghráid A-Leibhéil: CCC (A-Leibhéal) nó a gcomhionann

Riachtanais Iontrála Ardteistiméireachta: Ní mór go mbeadh Grád H5, ar a laghad, ag iarrthóirí i gceithre ábhar san Ardteistiméireacht, agus pas i gceithre ábhar eile ag leibhéal O6/H7, ar a n-áirítear Gaeilge, Béarla agus teanga eile chomh maith le trí ábhar eile atá aitheanta ó thaobh riachtanais iontrála na hOllscoile.

 
 
 
 

Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

3 Bliana

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

25

Spriocdháta

 


 

Leibhéal NFQ

Modh staidéir

Meáchan ECTS

Dámhachtain

Cód CAO

GY101

Cód

Imlíne an chúrsa

Amchláir 2023-24

Leagan Amach an Ábhair

Bliain a hAon
Scéalaíocht Dhigiteach
Cleachtas Léirithe na Meán
Bunús na hIriseoireachta
Na Meáin agus an tSochaí

Bliain a Dó
Dearadh Físe
Teicneolaíochtaí Meán
Anailís na Meán
Craoltóireacht
Dlí, Eiticií & an Córas Poiblí
An Gné-Alt

Bliain a Trí
Lucht Féachana na Meán
Dúshláin na Meán Sóisialta
Scriptscríobh
Iriseoireacht Fheidhmeach
Geilleagar na Meán
Tionscadal Deiridh Céime

Bliain a hAon
Sa chéad bhliain faigheann tú tuiscint ar an léiriú físe agus fuaime trí ghearrfhíseáin a thaifeadadh ar an bhfón cliste, eagarthóireacht a dhéanamh orthu, agus gnéithe den chraoltóireacht raidió a fhiosrú. Foghlaimíonn tú bunphrionsabail na hiriseoireachta, tugtar cúnamh duit féith na cruthaitheachta a fhorbairt ar bhealaí éagsúla, agus scrúdaíonn tú cuid de na teicneolaíochtaí úra cumarsáide. Forbraíonn tú do chumas anailíse agus machnaimh agus an litearthacht chriticiúil trí staidéar a dhéanamh ar théacsanna ábhartha, forbraíonn tú do chuid scileanna cur i láthair trí pháirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireachtaí bríomhara.

Leanann tú modúil éagsúla ar na téamaí seo a leanas: an Scéalaíocht Dhigiteach;; an Teanga Bheo; Cleachtas Léirithe na Meán; Scileanna Craoltóireachta agus Córais Ríomhaireachta na Meán.

Faoi mar a tharlaíonn i gcláir léinn eile sna Dána, sa chéad bhliain déanann tú staidéar ar thrí ábhar léinn. Chomh maith le Léann na Cumarsáide moltar duit Gaeilge a roghnú. Roghnóidh tú ábhar amháin eile as na cinn seo a leanas: Léann an Aistriúcháin, Fraincis, Béarla, Stair, Matamaitic, Léann an Dlí, Síceolaíocht, an tSibhialtacht Cheilteach, Eacnamaíocht, Léann na Socheolaíochta agus na Polaitíochta, Teicneolaíocht na Faisnéise, an Bhreatnais, Spáinnis, Seandálaíocht. Moltar duit Léann an Aistriúcháin a roghnú chun cur le do chumas teanga.

Bliain a Dó
Sa dara bliain cuireann tú le do chuid scileanna san iriseoireacht chraolta agus scríofa, scrúdaíonn tú tionchar na meán mar uirlisí múnlaithe meoin. Cuireann tú leis an tuiscint atá agat ar an íomhá shocair agus ar an íomhá ghluaisteach, ar 'ghramadach na seatanna' agus ar 'ghramadach na heagarthóireachta', agus forbraíonn tú do chuid scileanna i réimse na teicneolaíochta faisnéise.

Leanann tú modúil éagsúla ar na téamaí seo a leanas: Dearadh Físe; Iriseoireacht Chraolta; Anailís na Meán; Craoltóireacht; Stair na Meán Gaeilge agus an Gné-Alt.

Bliain a Trí
I mbliain deiridh na céime faigheann tú oiliúint phraiticiúil ar nuatheicneolaíochtaí cumarsáide a bhaineann leis na meáin, déanann tú staidéar ar ghnéithe éagsúla de na meáin, an iriseoireacht san áireamh, agus cuireann tú mórthionscadal deiridh céime i gcrích.

Leanann tú modúil éagsúla ar na téamaí seo a leanas: Léiriú Físe; na Meáin i bPobail Mhionlaithe; Nuatheicneolaíocht Fheidhmeach; Iriseoireacht Fheidhmeach; Geilleagar na Meán nó an Lucht Féachana agus Tionscadal Deiridh Céime.

Meantóirí Bliana
An Chéad Bhliain - Fionn Ó Sealbhaigh
An Chéad Bhliain - Seán Breathnach
An Tríu Bliain - Nórita Ní Chartúir
An Ceathrú Bliain - Dan Dwyer
 
 
 
 

 

 
 
 
 

Breisoideachas

 

 
 
 

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Agus do chéim bainte amach agat beidh tú oilte sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht, san iriseoireacht chlóite agus ar líne, sna hilmheáin agus i dteicneolaíochtaí digiteacha éagsúla. Beidh tú inniúil ar struchtúr an scéil agus ar theanga na físe; beidh tú in ann anailís a dhéanamh ar ról na meán sa tsochaí chomhaimseartha; agus beidh tuiscint ghrinn agat ar shaol agus ar chultúr na teanga mar theanga bheo sa lá atá inniu ann. Is é taithí chéimithe an chláir ná gur buntáiste suntasach dóibh é a líofacht Ghaeilge agus iad sa tóir ar fhostaíocht i margadh fíoriomaíoch na meán, margadh na teilifíse agus an raidió go háirithe. Ar na fostóirí sa bhaile agus i gcéin a fhostaíonn céimithe an chláir tá RTÉ, TG4, BBC, stáisiúin raidió áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha agus comhlachtaí caidrimh phoiblí. Is bunús láidir é céim sna meáin agus sa Ghaeilge i ngairmeacha eile: sa pholaitíocht, gnó, bainistíocht, an earnáil neamhbhrabúis (eagraíochtaí neamhrialtasacha agus carthanachta), agus an earnáil phoiblí.

Páirtnéireacht nuálach le RTÉ is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) faoina mbíonn deis eisceachtúil ag mic léinn tabhairt faoin staidéar acadúil ar líne agus taithí oibre luachmhar a fháil san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus i gcruthú ábhair in aonaid Ghaeilge RTÉ.

Pointe Eolais
Bhuaigh mic léinn na Cumarsáide Smedia in 2022 don Chlár Raidió Gaeilge is fearr dar teideal ‘Abair Amach É’.


                 

 
 
 
 

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre


Bíonn an chéad seimeastar den tríú bliain ar siúl in Ionad na hOllscoile ar an gCeathrú Rua i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Bíonn deis agat ansin barr feabhais a chur ar labhairt na teanga, agus tuiscint a fháil ar oidhreacht agus ar dhúchas na Gaeltachta. Sa dara seimeastar bíonn deis agat taithí oibre a dhéanamh in earnáil na meán, nó tionscadal ‘foghlaim sa phobal’ a chur i gcrích. Má roghnaíonn tú an taithí oibre, gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht aonair ar leith le taithí fhíorluachmhar sna meáin mar intéirneach le TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta nó san earnáil neamhspleách raidió agus teilifíse. Gheobhaidh tú tuiscint ar leith ar shaol na meán comhaimseartha san intéirneacht sin, déanfaidh tú teagmhálacha luachmhara, agus gheobhaidh tú scileanna praiticiúla ar an láthair oibre a sheasfaidh leat agus tú sa tóir ar phost amach anseo. Más maith leat na deiseanna a bhaineann le socrúchán oibre thar sáile nó clár Erasmus a fhiosrú, beimid lánsásta comhairle a chur ort ina dtaobh.

 
 
 
 

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€5,822 sa bhliain 2023/24 (le deimhniú)

Táillí: Teagasc

€2,598 sa bhliain 2023/24 (le deimhniú)

Táillí: Ranníocaíocht an Mhic Léinn

€3,000 sa bhliain 2023/24 (le deimhniú)

Táillí: Tobhach na mac léinn

€224 sa bhliain 2023/24 (le deimhniú)

Táillí: Neamh AE

€12,750 sa bhliain 2023/24 (le deimhniú)

Teagasc: féadfaidh Rialtas na hÉireann é seo a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal saortháillí teagaisc - tionscnamh na saortháillí.

Ranníocaíocht an Mhic Léinn: €3,000 - le híoc ag gach mac léinn ach féadfaidh SUSI é a íoc thar do cheann má tá tú i dteideal deontas bunaithe ar thástáil mhaoine ó SUSI.

Tobhach na Mac Léinn:  €224 - caithfidh gach mac léinn an tobhach seo a íoc agus níl sé clúdaithe ag deontas SUSI.

 

Tuilleadh eolais

Dan Dwyer
Ceann Aonad na Cumarsáide
Áras na Gaeilge
Ollscoil na Gaillimhe
Gaillimh
R: cumarsaid@ollscoilnagaillimhe.ie
R: dan.dwyer@ollscoilnagaillimhe.ie