- 
					Cúrsaí
					
		Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
 - 
					Saol na hOllscoile
					
		Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
 - 
					Eolas Fúinn
					
		Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
 - 
					Coláistí & Scoileanna
					
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
 - Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
 - Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
 - Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
 - Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
 - Roinn na Gaeilge
 - An tAcadamh
 - Stair
 - Idirnáisiúnta
 
		Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
 - 
					Taighde
					
		Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
 - 
					Gnó & Tionscal
					
		Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
 - 
					Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
					
		Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
 - 
					Rannpháirtíocht Pobail
					
		Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
 
Innealtóireacht & Infreastruchtúr Foirgneamh
Tá an rannóg seo freagrach as réimse seirbhísí a sholáthar don Ollscoil.
Bainistíocht Tionscadail & Dearaidh
- Dearadh, innealtóireacht struchtúr agus bainistíocht costais ar thionscadail tógála dearaidh intí lena n-áirítear foirgnimh a uasghrádú nó a athchóiriú agus foirgnimh shealadacha a chur ar fáil
 - Bainistíocht tionscadail agus tús áite a thabhairt d’acmhainní d’fhonn obair a sheachadadh ar an sprioc agus laistigh de bhuiséad
 - An clár tógála, athraithe agus mórdheisiúcháin a ullmhú mar a bhaineann sé le foirgnimh, seirbhísí agus infreastruchtúr
 - Comhairle a chur ar fáil maidir leis an bhféidearthacht atá ann foirgnimh a athrú, a fheabhsú agus a dheisiú mar aon le meastachán ar chostas
 - An obair athchóirithe agus oiriúnaithe ar spás atá ann cheana a dhéanamh de réir cóid, dea-chleachtais agus reachtaíocht reatha (lena n-áirítear bealach isteach do dhaoine faoi mhíchumas, sláinte & sábháilteacht agus sábháilteacht dóiteáin)
 - Cláir mhórdheisiúcháin a ullmhú
 - Straitéis coimisiúnaithe agus aistrithe
 
Bainistíocht Cothabhála
- Freagrach as cothabháil a dhéanamh ar struchtúr agus creatlach na bhfoirgneamh agus infreastruchtúr na n-eastát
 - Cothabháil ar fhoirgnimh na hOllscoile ag úsáid sheirbhísí na gcomhaltaí foirne inti agus na gconraitheoirí seachtracha
 - Teagmháil le conraitheoirí seachtracha, monatóireacht a dhéanamh ar obair chothabhála, measúnú fiúntais deiridh agus a chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis na caighdeáin reachtúla uile
 - Obair chothabhála uile a dhéanann ceardaithe inmheánacha agus seachtracha chomh maith le conraitheoirí a eagrú agus monatóireacht a dhéanamh ar an obair sin
 - Cothabháil ar infreastruchtúr an champais lena n-áirítear bóithre, cosáin agus carrchlóis
 - Cothabháil laethúil a dhéanamh ar infreastruchtúr an eastáit
 - Seirbhísí ilcheirdíochta, daoine feighlithe ag comhlíonadh riachtanais na tógála agus na riachtanais a bhaineann leis an obair a chur ar fáil ar bhonn laethúil d’eastát an champais
 - Ceardaithe oilte a chur ar fáil lena n-áirítear díon, síleálacha, plástráil, blocobair, siúinéireacht, tíliú, péinteáil/maisiúchán, gloineadóireacht, earraí iarainn
 - Tairiscintí a lorg do gach obair chothabhála i gcomhréir le polasaí soláthair na hOllscoile do chonraitheoirí seachtracha
 - Lámhleabhair chothabhála agus oibriúcháin do gach obair thionscadail a chartlannú agus a fheidhmiú
 
Bainistíocht Eolais Theicniúil
- Gach foirgneamh agus na tailte uile ar an eastát a chlárú ar líníochtaí AutoCAD chomh maith le heolas teicniúil ar chreatlach an eastáit a chlárú
 - Cúltaca teicniúil a chur ar fáil d’Fhoirgnimh & Eastáit
 - Anailís ar láithreacha foirgneamh - líníochtaí AutoCAD
 - Leabharlann d’eolas teicniúil ar na cóid agus na lámhleabhair is deireanaí
 - Córais dearbhaithe cáilíochta a dhréachtú agus a fheidhmiú
 - Comhairle a chur ar fáil maidir le háiseanna agus bealach isteach do dhaoine faoi mhíchumas ar an gcampas lena n-áirítear spásanna páirceála ar leith, rampaí, leithris etc.
 - Taifid a chartlannú lena n-áirítear iarratais a bhaineann le pleanáil, foirgnimh liostaithe, rialacháin tógála, liostaí conraitheoirí, liostaí sainchomhairleoirí, comhaid sláinte & sábháilteachta
 - Nósanna imeachta sláinte & sábháilteachta na hOllscoile a fheidhmiú i leith “Bainistíocht Conraitheoirí”
 - Léarscáileanna den champas a chruthú bunaithe ar iarratais aonaid
 
				