Cártaí Aitheantais

Tá sé ina pholasaí ag Ollscoil na Gaillimhe cárta aitheantais foirne a thabhairt do gach fostaí de chuid na hOllscoile, idir bhuan agus shealadach, ar thug an Oifig Acmhainní Daonna conradh fostaíochta dóibh. Nuair atá fostaí á fhostú ar bhonn conartha, beidh dáta éaga luaite ar an gcárta aitheantais foirne a thabharfar don duine sin.

Is cruthúnas é an cárta aitheantais foirne gur fostaí de chuid Ollscoil na Gaillimhe thú. Caithfear an cárta a thaispeáint má iarrtar ort é. Beidh ar fhostaithe an cárta aitheantais a thaispeáint chun rochtain a fháil ar áiseanna na hOllscoile, mar shampla, ar an Leabharlann, ar áiseanna spóirt agus ar Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise (ISS).

Is í an Oifig Acmhainní Daonna a thugann na cártaí aitheantais foirne seo d'fhostaithe.

Comhaltaí Foirne Nua

Nuair atá do cháipéisí earcaíochta comhlánaithe agus leagtha isteach, iarrfaidh duine den fhoireann Earcaíochta agus Conarthaí ort an fhoirm a leanas a líonadh chun iarratas a dhéanamh ar chárta aitheantais nua.

Comhaltaí Foirne Reatha

Chun cárta aitheantais foirne nua a iarraidh, ní mór duit an Fhoirm Iarratais maidir le Cárta Foirne, atá ar fáil ar an nasc thíos, a líonadh. Sula leagann tú an fhoirm seo isteach, ní mór duit a chinntiú go bhfuil an grianghraf próifíle ar do chuntas foirne crochta/cothrom le dáta ar Core Portal. Tá eolas faoin gcaoi leis seo a dhéanamh ar fáil anseo.

Cuirfear cárta chuig do sheoladh oibre laistigh de 5 lá oibre de ghnáth.

I gcás comhaltaí foirne buana, beidh feidhm lena gcuid cártaí aitheantais foirne go dtí go dtiocfaidh deireadh lena bhfostaíocht in Ollscoil na Gaillimhe nó ar an dáta a n-éireoidh siad as an obair san ollscoil. I gcás comhaltaí foirne sealadacha, rachaidh an cárta aitheantais foirne acu in éag ar an dáta céanna is a chríochnaíonn an conradh reatha fostaíochta atá acu.

Comhaltaí Foirne ar Scor

Cuirfidh an Oifig Acmhainní Daonna cárta aitheantais ar fáil do chomhaltaí foirne atá ar scor ach é sin a iarraidh ar an Oifig. Is féidir an cárta a úsáid chun leas a bhaint as na háiseanna seo a leanas san Ollscoil:

  • An Leabharlann
  • Ríomhlanna

agus beidh comhaltaí foirne atá ar scor in ann leas a bhaint as scéim lascaine na gcomhaltaí foirne chomh maith.

Cártaí Aitheantais a chailltear nó a ghoidtear

Is maoin de chuid Ollscoil na Gaillimhe iad na cártaí aitheantais foirne.  Ní mór an Oifig Acmhainní Daonna a chur ar an eolas má chailltear nó má ghoidtear cárta aitheantais. Caithfear an cárta aitheantais a chur ar ais chuig an Ollscoil nuair nach mbeidh tú i d'fhostaí ag an Ollscoil níos mó. Níor chóir na cártaí aitheantais foirne a fhágáil ar dheasca gan feighil ná a iompar ar bhealach a bhféadfaí iad a chailleadh nó a ghoid. Ba chóir an Oifig Acmhainní Daonna a chur ar an eolas má chailltear an cárta aitheantais nó má ghoidtear é. Cárta aitheantais bailí amháin a cheadaítear do gach comhalta foirne. Ní cheadaítear cóip a dhéanamh de chárta aitheantais foirne.

Is féidir leis na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar chárta aitheantais sealadach ach an Fhoirm Iarratais maidir le Cártaí Aitheantais Foirne Oinigh a líonadh: comhaltaí foirne acadúla nó taighde atá ar cuairt ó eagraíochtaí a bhaineann leis an ollscoil agus ar daoine iad a bhfuil comhaontú urraithe taighde acu nó ar ceapachán oinigh iad. Déanfaidh an Oifig Acmhainní Daonna gach iarratas a mheas go cuí sula gceadófar cárta aitheantais.

Cé go bhféadfadh sé go gceadófaí cárta aitheantais Ollscoil na Gaillimhe do chomhalta foirne acadúil nó taighde atá ar cuairt ó eagraíocht a bhaineann leis an ollscoil, ní bheidh aon cheart ar na seirbhísí a chuireann Ollscoil na Gaillimhe ar fáil do chomhaltaí foirne i gceist leis an gcárta aitheantais sin. Ceadaíonn Ollscoil na Gaillimhe an cárta aitheantais ar iarratas ón gColáiste/Scoil áirithe lena mbaineann an duine sin, ar mhaithe le spriocanna aitheantais amháin. Beidh freagracht ar an té a rinne iarratas ar chárta aitheantais Ollscoil na Gaillimhe, agus ar an gcomhalta foirne lena mbaineann an cárta, as aon mhí-úsáid a bhainfear as an gcárta sin agus ceadaítear cártaí ar an mbonn sin.