-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
An Obair a Dhéanaimid
Bunaithe in
1845
18,000
Mac Léinn
2,500
Foireann
Tá cúpla foireann éagsúil i mbun oibre san Oifig Acmhainní Daonna, mar a léirítear ar an gcairt eagraíochta:
- Tá Foireann Oibríochtaí na hOifige AD freagrach as riar a dhéanamh ar an obair Acmhainní Daonna a bhaineann le conarthaí fostaíochta na foirne, teidlíochtaí, earcaíocht agus roghnú, arduithe céime, úsáid na foirne agus saoire na foirne agus a chinntiú go ndéantar é seo uile ar bhealach cothrom agus inniúil, de réir an chleachtais is fearr agus de réir na reachtaíochta agus na bpolasaithe ollscoile. Tá an fhoireann freagrach as taifid agus córais na hOifige AD a choinneáil go beacht agus faisnéis a thabhairt don fhoireann agus do bhainisteoirí, chomh maith le comhairle a chur orthu, i dtaca le polasaithe agus nósanna imeachta na hOllscoile maidir leis na hábhair uile thuasluaite.
- Cuireann an Fhoireann Acmhainní Daonna do Réitigh Faisnéise ceannaireacht agus tacaíocht theicniúil ar fáil do chomhghleacaithe agus do pháirtithe leasmhara eile i dtaca le córais agus próisis Acmhainní Daonna. Tá siad freagrach as na próisis chuí a chur i bhfeidhm chun leas iomlán a bhaint as acmhainní teicneolaíochta faisnéise laistigh den Oifig Acmhainní Daonna, go háirithe i dtaca le modúil a bhaineann leis an gcóras Acmhainní Daonna (CoreHR) a chur i bhfeidhm, a dhaingniú agus a fheabhsú. Tá siad freagrach as tuairiscí éagsúla faisnéise de chuid na hOifige AD a shonrú, a fhorbairt agus a chur ar fáil d’eagraíochtaí seachtracha agus do chustaiméirí inmheánacha.
- Bíonn Comhpháirtithe Gnó AD ag plé le Coláistí / Réimse an Taighde / Aonaid ar leith laistigh den Ollscoil. Oibríonn siad i bpáirt leis na haonaid sin chun réitigh AD a chur ar fáil dóibh, réitigh atá ag teacht leis an gcleachtas is fearr agus a chuireann le tosaíochtaí straitéiseacha na hOllscoile, i gcomhar le sainfheidhmeanna AD. Cuireann Comhpháirtithe Gnó AD sainchóitseáil agus saintacaíocht ar fáil do lucht bainistíochta na hOllscoile chun cabhrú leo a gcuid acmhainní daonna a bhainistiú go héifeachtach.
- Cruthaíonn an tSeirbhís do Chaidreamh Fostaithe nasc idir bainisteoirí agus comhaltaí foirne na hOllscoile. Cuirtear comhairle straitéiseach ar fáil d’fhoirne bainistíochta i dtaca lena gcuid seirbhísí a mhúnlú agus i dtaca le smaointe a fhorbairt ón uair a chuirtear na smaointe sin chun cinn go dtí go gcuirtear i bhfeidhm iad. Cuireann an tSeirbhís do Chaidreamh Fostaithe comhairle agus oiliúint ar fáil don fhoireann agus do bhainisteoirí araon maidir leis na polasaithe agus na nósanna imeachta a bhaineann le fostaithe na hOllscoile. Tugtar comhairle chomh maith i dtaca leis an reachtaíocht chuí fostaíochta a chomhlíonadh. Déantar comhaontuithe fostaithe a phlé ar son na hOllscoile le hionadaithe de chuid na gcomhaltaí foirne. Cuirtear comhairle ar fáil chomh maith do bhainisteoirí i dtaca le ceisteanna a bhaineann le bainistíocht fostaithe, mar shampla, rannpháirtíocht, bainistíocht athruithe agus forbairt foirne.
- Cuireann an Fhoireann Foghlama agus Forbartha tacaíocht forbartha ar fáil d’fhoireann na hOllscoile trí na seirbhísí seo a leanas:
- Comhairle a chur ar fáil agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus do bhainisteoirí i dtaca lena bhforbairt phearsanta féin nó i dtaca le forbairt a gcuid foirne
- Imeachtaí oiliúna a reáchtáil i gcomhar le bainisteoirí agus lena gcuid foirne, imeachtaí a bheadh curtha in oiriúint dá gcuid sainriachtanas oiliúna
- Polasaithe a dhearadh agus a fhorbairt i réimsí macasamhail na meantóireachta agus na bainistíochta feidhmíochta
- Ionduchtú a dhéanamh ar chomhaltaí foirne nua agus treoir a chur ar bhainisteoirí
- Réimse leathan de chláir oiliúna agus forbartha a eagrú le linn na bliana acadúla
- An ciste a bhaineann leis an scéim Polasaí Breisoideachais (FEP) a riar
Sárchaighdeán AD sa Taighde
Ag cuidiú le taighdeoirí agus ag méadú ar cháil idirnáisiúnta na hOllscoile.
I mí Dheireadh Fómhair 2013 bronnadh Lógó "Sárchaighdeán Acmhainní Daonna sa Taighde" ar Ollscoil na Gaillimhe mar aitheantas ar ár ndíograis i gcur chun cinn na bprionsabal a bhaineann le Cairt agus Cód na hEorpa do Thaighdeoirí.