***Ní bheidh an cúrsa seo ar siúl i mbliana mar gheall ar COVID-19***

Cúrsa sa Saibhreas Teanga (2020)

Is cúis dóchais dúinn go bhfuil an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus í á labhairt ag scoth na gcainteoirí. Chuige sin, tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag eagrú cúrsa seachtaine atá dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara. Beidh an bhéim ar nádúr na Gaeilge – stór focal, nathanna agus leaganacha cainte dúchasacha, dul na Gaeilge, tráthúlacht agus deisbhéalaíocht, na canúintí, scileanna aistriúcháin agus cruinneas teanga. Beidh scoth na gcainteoirí agus na dteagascóirí ag roinnt a gcuid eolais le rannpháirtithe an chúrsa agus beidh neart deiseanna ann cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi chúrsaí foclóra, foghraíochta, nádúr na teanga agus go leor eile!

D’fheilfeadh sé seo do dhaoine

  • a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus cleachtadh acu ar í a labhairt
  • a rinne an Dioplóma sa Ghaeilge, céim sa Ghaeilge nó a bhain amach cáilíocht acadúil sa Ghaeilge
  • atá ag múineadh
  • atá ag obair sna meáin chumarsáide
  • a bhfuil suim acu sna canúintí
  • a bhfuil leaganacha cainte agus nathanna dúchasacha ligthe i ndearmad acu
  • a airíonn go bhfuil an iomarca Béarlachais trína gcuid cainte
  • atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus ar mhaith leo go mbeadh canúint na háite agus Gaeilge nádúrtha ag a gcuid gasúr

NB: Ní fheilfeadh an cúrsa seo do dhaoine atá fós ag foghlaim na teanga

Dátaí: 22 - 26 Meitheamh 2020

Táillí Teagaisc & Táillí Lóistín

Táille Teagaisc: €260.00 

Táille Lóistín (Lánlóistín):

  • Seomra singil: €280.00
  • Seomra roinnte (ag roinnt le duine amháin eile): €205.00

Tá lóistín ar fáil ó thráthnóna Dé Domhnaigh (suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (lón san áireamh).

Déan Iarratas

Tá bróisiúr faoi na dianchúrsaí le foirm iarratais ar fáil i bhfoirm PDF: Dianchúrsaí 2020

Is féidir leat iarratas ar líne a dhéanamh anseo.

Tuilleadh eolais

An Rúnaí
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe

T: +353 91 494600
R: cursaigaeilge@oegaillimh.ie